
Ag tacú le Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla
Gaeltacht ar scoil
Cuireann ár n-ardán ar chumas gach duine óg teacht a bheith acu ar fhoghlaim na Gaeilge, ag cothú dearcadh dearfach a chomhtháthaíonn an Ghaeilge sa saol laethúil agus a mhéadaíonn a húsáid ghníomhach.
Cad í Teanga?
Is ardán é Teanga a thacaíonn le pobal uile na scoile dul i ngleic leis an nGaeilge agus í a fhoghlaim. Tá leabharlann ann le níos mó ná 100 ceacht gearrfhíseán (15–25 nóiméad) do gach leibhéal, mar aon le hacmhainní ardchaighdeáin agus gníomhaíochtaí a thugann aiseolas láithreach. Tugann an cur chuige nuálach seo deis do scoileanna dul chun cinn a dhéanamh i dtreo máistreacht na teanga. Ina theannta sin, cuireann an clár ceannaireachta "Sárghael" ar chumas na gcinnirí ról lárnach a ghlacadh i gcur chun cinn na Gaeilge laistigh de phobal na scoile féin.

Cad a dhéanfaidh Teanga?
Meonta dearfacha a chothú i leith na Gaeilge.
Úsáid na Gaeilge a mhéadú.
Tacú le rochtain ag gach duine óg ar fhoghlaim na Gaeilge.
Tacú leis an nGaeilge a chomhtháthú.
Comhthéacs
Foilsíodh 'Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla' i ndeireadh 2025 ag an Roinn Oideachais. Is doiciméad uaillmhianach é seo ina leagtar síos moltaí gur ceart do scoileanna Béarla tabhairt faoi chun a nGaeilge a chur chun cinn. Freastalaíonn Teanga ar spriocanna agus aidhmeanna an doiciméid seo ar bhealach praiticiúil.
Cad a chuireann Teanga ar fáil
Roghnaigh gné le tuilleadh a fhoghlaim.
100 rang idir 15–25 nóiméad ar fhad le hacmhainní foghlama agus ceachtanna idirghníomhacha. Gheobhaidh an foghlaimeoir aiseolas agus treoir gur féidir a chur i gcríoch láithreach chomh maith le hacmhainní breise.
Sraith físeán ag díriú ar an ngnáthshaol — an spórt, faisean, ceol, ióga. Beidh aíonna speisialta i mbun na bhfíseán seo — imreoirí CLG idirchontae ag múineadh conas peil ghaelach a imirt nó duine le próifíl phoiblí ag múineadh conas smideadh a chur ort, mar shampla.
Beidh múinteoir beo ar fáil go seachtainiúil chun ceisteanna a fhreagairt nó tabhairt faoi thopaicí faoi leith i rang beo. Beidh ar dhaltaí clárú roimh ré agus beidh socruithe Zoom ann chun príobháideacht na ndaltaí a chosaint. Beifear in ann ceisteanna a chur roimh an seisiún a fhreagrófar i rith an tseisiúin nó ceisteanna a chur i rith an tseisiúin trí theachtaireacht dhíreach (go príobháideach).
Is clár ceannaireachta é 'Sárghael' ina roghnófar ceathrar/cúigear daltaí ón scoil chun an Ghaeilge a chur chun cinn ina scoil féin. Beidh meantóireacht le múinteoir fostaithe ag Teanga le himeachtaí a eagrú mar aon le ciorcal cainte. Beidh orthu taifead a dhéanamh ar gach rud a dhéanann siad agus tionscnamh i bhfoirm físeáin nó podchraoladh a chruthú chun cur síos ar na bealaí inar gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn ina scoil. Beidh deis acu freastal ar theacht le chéile ag deireadh na scoilbhliana ina bhfaighidh gach ceannaire gradam/fáinne agus beidh bronnadh dearbháin ar ghrúpa amháin freastal ar chúrsa samhraidh sa Ghaeltacht.
Beidh acmhainní foghlama ar fáil chun tacú le daltaí ag ullmhú do scrúduithe stáit. Beidh teimpléid ar fáil chun léarscáileanna intinne a chruthú chun foghlaim féin-stiúrtha agus scileanna staidéir a chur chun cinn.
Is cúntóir teanga í Bríd a fheidhmíonn le Intleacht Shaorga atá á fhorbairt chun ligint d'fhoghlaimeoirí caint os ard léi, freagra a fháil agus ceist eile uaithi. Beidh feidhm ann chun dul faoi scrúdú béil do dhaltaí gur mian leo cleachtadh cainte a dhéanamh ar mhaithe le scrúdú cainte na hArdteiste nó feidhm eile chun comhrá ginearálta a bheith acu.
Tá an chosaint leanaí ríthábhachtach le Teanga. Agus na foghlaimeoirí ag freastal ar ranganna beo beidh socruithe uathoibríocha istigh i Zoom in úsáid i gcónaí chun ligint do na déagóirí idirghníomhú le muinín.
Beidh príomhoidí scoile nó baill ainmnithe den fhoireann in ann monatóiracht a dhéanamh ar dhul chun cinn na bhfoghlaimeoirí. Is uirlis úsáideach í seo le cinntiú go bhfuil foghlaimeoirí ag idirghníomhú leis an ardán agus ag baint tairbhe as.
Beidh deis ag baill fhoireann na scoile nó daltaí a bhfuil díolúine acu tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge. Beidh sraith ranganna ar an ardán a bheidh dírithe ar fhoghlaimeoirí nach bhfuil ag tabhairt faoi churaclam na scoile. Díreoidh na ranganna seo ar bhunchlocha na teanga a leagadh agus dul chun cinn a dhéanamh léi. Cuirfidh seo go mór le comhtháthú na Gaeilge i scoileanna agus d'fhéadfadh na foghlaimeoirí seo freastal ar an gciorcal cainte chun a gcuid Gaeilge a chur chun cinn.
Déan teagmháil linn
Táimid ag tnúth le labhairt le duine ar bith a bhfuil suim aige nó aici i gcur chun cinn na Gaeilge i scoileanna.